Eolas tábhachtach maidir le fianáin ar an láithreán gréasáin:

Trí úsáid a bhaint an suíomh gréasáin seo, aontaíonn tú le húsáid na bhfianán i gcomhréir leis an Pholasaí Cookie Muirear Teaghlaigh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fianáin féach ar ár bpolasaí fianán.

Skip to main content DEHLG Logo

Ráiteas Príobháideachais

     

Ráiteas Príobháideachais do Láithreán Gréasáin an Mhuirir Theaghlaigh

1. Réamhrá Leagann Polasaí Príobháideachais an láithreáin ghréasáin seo amach conas a phléimid leis na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú dúinn le linn cuairte ar an láithreán gréasáin d’fhonn idirbhearta íocaíochta ar an muirear teaghlaigh a phróiseáil agus d’fhonn bunachar sonraí de réadmhaoin chónaithe sa Stát a bhunú agus a choinneáil.

Tá rochtain ar shonraí pearsanta a sholáthraítear i gcomhar le híocaíocht na muirear teaghlaigh rialaithe go dian de réir na bhforálacha reachtúla den Bhille Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011 (“an Bille”) agus de Rialacháin an Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2012. Is iad Comhairlí Contae agus Cathrach atá mar rialtóirí ar na bunshonraí de réir an Bhille, agus is í Gníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil, ar bhonn seirbhísí roinnte gníomhaireachta do na Comhairlí Contae agus Cathrach, a bhailíonn agus a phróiseálann sonraí ar mhuirear teaghlaigh. Shannaigh an tOireachtas freagracht polasaithe don mhuirear teaghlaigh ar an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Trí chuairt a thabhairt ar an láithreán gréasáin seo, tá tú ag glacadh le téarmaí Pholasaí Phríobháideachais an Láithreáin Ghréasáin seo. Tá nascanna seachtracha go láithreáin ghréasáin eile so-aitheanta mar sin agus nílimid freagrach as ábhar nó as polasaithe príobháideachais na láithreán gréasáin sin.

2. Cineálacha Faisnéise Bailithe

Coinnímid dhá shaghas faisnéise:

  1. Sonraí Pearsanta
    1. Cur Síos: Is sonraí iad seo a aithníonn thú nó go bhféadfar a úsáid chun tú a aithint nó chun teagmháil a dhéanamh leat agus féadtar go n-áirítear d’ainm, do sheoladh, d’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí / d’uimhir thagartha cánach, do sheoladh ríomhphoist agus d’uimhir teileafóin. Bailítear seoladh ríomhphoist agus uimhir teileafóin uait má chuireann tú isteach iad go toilteanach le húsáid le haghaidh meabhrúchán bliantúil. Taifeadaimid an seoladh IP atá sannaithe ort ag do Sholáthróir Seirbhíse Idirlín. Úsáidtear é seo le haghaidh roinnt cuspóirí ina n-áirítear riarachán an láithreáin, anailís treochtaí agus bailiú staitisticí. Ní nascfaimid seoltaí IP le sonraí pearsanta eile ach amháin i gcásanna inar tharla gníomhaíocht choiriúil (m.sh. mar fhreagra ar theagmhas “bradaíola”)
    2. Cuspóir go bhfuil siad á gcoinneáil: Bailítear sonraí pearsanta ar an láithreán seo d’fhonn idirbhearta íocaíochta muirir theaghlaigh a phróiseáil agus d’fhonn bunachar sonraí ar réadmhaoin chónaithe sa Stát a ullmhú agus a choinneáil de réir Ailt 6 den Bhille. Féadfar sonraí dearbhaithe (ainm agus seoladh) nó sonraí teagmhála (ríomhphost, uimhir teileafóin nuair a sholáthraítear iad agus comhthoiliú tugtha chun iad a úsáid), a úsáid sna blianta rómhainn chun fógra a thabhairt d’úinéirí réadmhaoine maidir le dliteanas féideartha na muirear teaghlaigh.

 

  1. Sonraí Neamh-Phearsanta
    1. Cur Síos: Áiríonn na Sonraí Neamh-Phearsanta seo faisnéis nach féidir a úsáid chun tú a aithint nó chun teagmháil a dhéanamh leat, cosúil le
      1. faisnéis dhéimeagrafach maidir le, mar shampla,

cineálacha brabhsálaí

  1. An ainm fearainn bharrleibhéil ón a bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org, srl.)
  2. An dáta agus an t-am a dhéanann tú rochtain ar ár láithreán
  3. Sonraí staitisticiúla anaithnide eile a bhaineann le húsáid ár láithreáin ghréasáin.

 

  1. Cuspóir go bhfuil siad á gcoinneáil: Úsáidimid na Sonraí Neamh-Phearsanta a bhailítear ó chuairteoirí ar ár láithreán gréasáin i bhfoirm chomhiomlán chun tuiscint níos fearr a fháil ar cad as a dtagann ár gcuairteoirí agus chun cabhrú linn ár láithreán gréasáin a dhearadh agus a eagrú níos fearr.

3. Úsáid Fianán

Fianáin: Cosúil le go leor láithreán gréasáin, úsáideann láithreán an Mhuirir Theaghlaigh fianáin sheisiúin a aistrímid chuig do ríomhaire ar feadh do chuairte. Baineann an láithreán gréasáin úsáid as “fianáin sheisiúin” – cruthaítear trí fhianán nuair a úsáideann tú an láithreán (ní chruthaítear aon fhianán ar bith más mian leat féachaint ar an leathanach baile amháin) agus cruthaítear ceann eile má úsáideann tú an leagan Gaeilge den láithreán. Tá na fianáin seo riachtanach do sholáthar seirbhíse a cheadaíonn duit clárú agus íoc as an muirear teaghlaigh, agus coinnítear iad i do bhrabhsálaí go dtí go scriostar iad nuair a logálann tú amach as an gcóras um muirear teaghlaigh.

Anailísíocht Google: Ina theannta sin, bainimid feidhm as anailísíocht Google chun cabhrú linn anailís a dhéanamh ar an bhfeidhm a bhaineann úsáideoirí as an láithreán agus chun staitisticí eile a chruinniú. Cuireann Anailísíocht Google fianáin “sheasmhacha” (ceithre cinn de ghnáth) ar do ríomhaire agus tosaíonn gach ceann díobh siúd le “_utm”. Le haghaidh níos mó sonraí air seo, féach ar an gcuid thíos ar Anailísíocht Google le do thoil.

Úsáid Anailísíochta Google

Úsáideann an láithreán gréasáin seo Anailísíocht Google leis an bhfairsingiú ‘_anonymizelp()’; dá bhrí sin, ní phróiseálfar a thuilleadh ach seoltaí giorraithe IP, agus ciallaíonn sé sin go gcuirtear deireadh le nasc díreach leis an úsáideoir indibhidiúil.

Baineann an láithreán gréasáin seo feidhm as Anailísíocht Google, seirbhís anailíse gréasáin a sholáthraítear ag Google Teo. (‘Google’). Úsáideann Anailísíocht Google ‘fianáin,’ is téacschomhaid iad a chuirtear ar do ríomhaire, le cabhrú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar an bhfeidhm a bhaineann úsáideoirí as an láithreán. Beidh an fhaisnéis a ghintear ag an bhfianán faoi d’úsáid ar an láithreán gréasáin aistrithe chuig agus stóráilte ag Google ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Sa chás go bhfuil neamhainmníocht gníomhachtaithe ar an láithreán gréasáin seo, giorrófar do sheoladh IP roimhré ag Google laistigh de bhallstáit an Aontais Eorpaigh nó de stáit shínithe eile den Chonradh de Limistéar Eacnamaíochta na hEorpa. Aistreofar an seoladh iomlán IP go Freastalaí Google sna Stáit Aontaithe agus ní ghiorrófar é ann ach amháin ar bhonn eisceachtúil. Úsáidfidh Google an fhaisnéis seo d’fhonn measúnú a dhéanamh ar d’úsáid an láithreáin ghréasáin, ag cur tuairiscí le chéile ar ghníomhaíocht láithreáin ghréasáin d’oibreoirí láithreáin ghréasáin, agus ag soláthar seirbhísí eile d’oibreoirí láithreáin ghréasáin a bhaineann le gníomhaíocht láithreáin ghréasáin agus le húsáid Idirlín. Ní chomhthiomsóidh Google an seoladh IP a aistríodh faoi Anailísíocht Google ag do bhrabhsálaí le sonraí eile atá á gcoinneáil ag Google. Is féidir leat cosc a chur ar stóráil fianán tríd na socruithe cuí a roghnú ar do bhogearraí brabhsálaí. Is féidir leat cosc a chur ar Google taifeadadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis a ghineann an fianán agus a bhaineann le d’úsáid an láithreáin ghréasáin (ina n-áirítear do sheoladh IP), nó cosc a chur ar phróiseáil na sonraí seo tríd an mbreiseán brabhsálaí seo a leanas a íoslódáil agus a shuiteáil, breiseán atá le fáil ó Fhorlíontán Brabhsálaí um Dhíliostáil Anailísíochta Google.

4. Coinneáil Sonraí

Déantar fóráil in Alt 10 den Bhille d’eisiúint admhálacha agus deimhnithe urscaoilte, tarscaoilte agus díolúine ar iarraidh. De réir Ailt 6 den Bhille, tá sé de dhualgas ar úinéir réadmhaoine cónaithe atá faoi dhliteanas an mhuirir theaghlaigh nó atá i dteideal tarscaoilte ó íocaíocht muirir theaghlaigh faisnéis a sholáthar don údarás áitiúil ábhartha maidir leis an réadmhaoin chónaithe d’fhonn bunachar sonraí d’ionaid réadmhaoine cónaithe sa Stát a ullmhú agus a choinneáil.

5. Comhroinnt agus Malartú Sonraí

Déantar fóráil do chomhroinnt agus do mhalartú sonraí in Alt 14 den Bhille Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011 a leagann amach na daoine ábhartha ar a bhfeidhmíonn na forálacha ina n-áirítear an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB), Bord Soláthair an Leictreachais (ESB), na Coimisinéirí Ioncaim, an tAire Coimirce Sóisialaí (le haghaidh an tarscaoilte díobh siúd atá ag fáil an fhorlíonta úis mhorgáiste), na húdaráis áitiúla agus Gníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil (LGMA).

Lasmuigh den riachtanas reachtúil seo, ní nochtfaimid do Shonraí Pearsanta do thríú páirtithe ach amháin sa chás gur cheadaigh tú an nochtadh sin. Nochtfaimid do Shonraí Pearsanta má chreidimid go hionraic go bhfuil sé de dhualgas orainn iad a nochtadh d’fhonn cloí le haon dlí infheidhmithe, barántas cuardaigh, le hordú cúirte nó rialála, nó le haon riachtanas reachtúil eile.

6. Slándáil

Tá bearta cuí slándála i bhfeidhm againn le cosaint in aghaidh rochtana neamhúdaraithe ar nó athrú neamhúdaraithe do shonraí, nochta nó scriosta sonraí. Áiríonn siad siúd athbhreithnithe a dhéanamh ar ár mbailiúchán, stóráil agus ar ár gcleachtaí próiseála sonraí agus ar ár mbearta slándála, ina n-áirítear criptiúchán cuí agus bearta slándála fisiciúla le cosaint in aghaidh rochtana neamhúdaraithe ar chórais ina stórálaimid sonraí pearsanta.

Chun slándáil do chárta chreidmheasa nó léasair a chinntiú nuair a chuireann tú faisnéis íocaíochta isteach ar an láithreán gréasáin seo, úsáidimid teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán (SSL). De réir mar a dhéanann tú rochtain ar réimsí uile an láithreáin ghréasáin seo, feicfidh tú glac fraincín i do bhrabhsálaí, comhartha slándála ag léiriú go bhfuil na sonraí go léir atá á n-aistriú idir do bhrabhsálaí agus ár láithreán gréasáin criptithe.

Caithfidh tú a chinntiú go bhfuil nasc slán agat má tá faisnéis phearsanta íogair nó faisnéis airgeadais á seoladh agat. Má tá do nasc slán, taispeántar deilbhín um ghlas fraincín dúnta ar an mbarra stádais agus tosnóidh an URL le https:// in ionad le http:// amháin.

Ní choimeádtar d’fhaisnéis cárta chreidmheasa nó léasair ar an láithreán gréasáin seo, ina ionad, aistrítear go slán í go Realex Payments, soláthróir slán íocaíochtaí ar líne.

7. Nuashonrú, Fíorú agus Scriosadh Sonraí Pearsanta

Is féidir leat aon athrú i do Shonraí Pearsanta a chur in iúl dúinn, agus i gcomhar lenár ndualgais de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, nuashonróimid nó scriosfaimid do Shonraí Pearsanta dá réir. Le fáil amach cén Sonraí Pearsanta atá á gcoinneáil againn ort nó chun do Shonraí Pearsanta a nuashonrú, a leasú nó a bhaint amach as ár mbunachar sonraí, más é do thoil é, déan teagmháil linn ag support@householdcharge.ie

 

8. Ráiteas Cóipchirt

Tá an t-ábhar ar an láithreán gréasáin seo faoi réir cóipchirt Rialtais i gcomhréir leis an Ordú Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-ábhar a íoslódáil go comhad nó go priontálaí le haghaidh úsáide pearsanta amháin. Sa chás go bhfuil an t-ábhar seo á eisiúint do dhaoine eile, caithfear an foinse (URL san áireamh) agus an stádas cóipchirt a admháil.
 

Ní shíneann an cead chun ábhar cóipchirt Rialtais a atáirgeadh d’ábhar ar an láithreán gréasáin gur féidir a bheith mar mhaoin tríú páirtí. Caithfear an t-údarú chun ábhar mar sin a atáirgeadh a aimsiú ó na sealbhóirí cóipchirt atá i gceist.

9. Ráiteas Séanta

Is é cuspóir na faisnéise a sholáthraítear ná rochtain phoiblí a fheabhsú ar fhaisnéis faoin bpróiseas muirir theaghlaigh. Cé go ndéantar gach iarracht in ullmhúchán an ábhair le haghaidh foilsithe, ní ghlactar le haon fhreagracht ag an Stát nó ar son an Stáit d’aon earráidí, d’easnaimh nó d’aon ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo nó ar aon láithreán gréasáin lena nascann na leathanaigh seo.

 

Cé go ndéantar gach iarracht chun iontaofacht na láithreán liostaithe a chinntiú, ní féidir é sin a thuiscint mar fhormhuiniú na láithreán seo. Má tá tú buartha faoi úsáid do shonraí, más é do thoil é, déan teagmháil linn trí support@householdcharge.ie

10. Athruithe ar Pholasaí Príobháideachais an Láithreáin Ghréasáin

Beidh aon athruithe ar Pholasaí Príobháideachais an Láithreáin Ghréasáin ar thaispeáint ar an láithreán gréasáin sa chaoi go mbeidh tú i gcónaí ar an eolas faoin bhfaisnéis a bhailímid, conas a úsáidimid í, agus faoi na himthosca, má tá siad ann, go nochtfaimid í. Má bheartóimid ag aon am Sonraí Pearsanta a úsáid i modh atá éagsúil go suntasach ón modh atá leagtha amach i bPolasaí Príobhaideachais an Láithreáin Ghréasáin, cuirfimid é sin in iúl duit, agus beidh rogha agat cé acu an úsáidfimid nó nach n-úsáidfimid d’fhaisnéis sa mhodh nua.

 Tá "fianáin seisiúin" á usáid ag an t-suíomh idirlín. Nuair a úsáidtear an suíomh cruthaítear trí fianáin. (Ní chruthaítear aon fhianáin má tátar ag breathnú ar an leathanach baile amháin.) Cruthaítear fianán eile má úsáidtear leagan Gaeilge den suíomh.