Eolas tábhachtach maidir le fianáin ar an láithreán gréasáin:

Trí úsáid a bhaint an suíomh gréasáin seo, aontaíonn tú le húsáid na bhfianán i gcomhréir leis an Pholasaí Cookie Muirear Teaghlaigh. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fianáin féach ar ár bpolasaí fianán.

Skip to main content DEHLG Logo

Ceisteanna Coitianta

     

Más é do thoil é, roghnaigh catagóir ar dtús agus ansin roghnaigh ceist chun freagraí ar cheisteanna coitianta a fheiceáil.



An Reachtaíocht agus Faisnéis Ghinearálta

Cad é an Muirear Teaghlaigh?

Cuireann Clár um Thacaíocht Airgeadais an AE/CAI (Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) d’Éirinn tiomantas ar an Rialtas chun cáin réadmhaoine a thabhairt isteach i 2012. Léiríonn an Clár go bhfuil riachtanas ann, i gcomhthéacs riocht foriomlán airgeadais an Stáit, chun maoiniú na seirbhísí a sholáthraítear go háitiúil a chur ar bhonn airgeadais láidir, chun feabhas a chur ar chuntasacht agus chun an costas a bhaineann le soláthair seirbhísí a ailíniú níos fearr le héileamh ar sheirbhísí mar sin. 

Ní raibh sa Mhuirear Teaghlaigh ach beart eatramhach agus thug na Coimisinéirí Ioncaim Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) iomlán isteach an 1 Iúil 2013.

Is muirear bliantúil é an Muirear Teaghlaigh a tugadh isteach leis an Na Rialacháin Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) , 2012 agus tá sé iníoctha ag úinéirí réadmhaoine cónaithe.

Is ábhar d’úinéirí clárú don Mhuirear Teaghlaigh agus íoc as ar nó tar éis 1 Eanáir 2012.

An mbaineann an muirear le réadmhaoin chónaithe lasmuigh d’Éirinn?

Ní bhaineann. Baineann an muirear seo amháin le hionaid réadmhaoine cónaithe sa Stát.

Cén cineálacha ionad réadmhaoine atá faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh?

Tá úinéirí réadmhaoine cónaithe ar an dáta dlite 1 Eanáir 2012, faoi réir méid teoranta díolúintí agus tarscaoiltí leagtha amach thíos, faoi dhliteanas an mhuirir theaghlaigh a íoc roimh 31 Márta 2012.

An mbaineann an muirear teaghlaigh leo siúd atá ag íoc an mhuirir de €200 ar na hÁiteanna Cónaithe Príobháideacha Neamhphríomha?

Baineann. Baineann an Muirear Teaghlaigh le réadmhaoin chónaithe i gcoitinne, ina n-áirítear na hionaid réadmhaoine atá faoi dhliteanas an mhuirir de €200 ar Áiteanna Cónaithe Príobháideacha Neamhphríomha.

An bhfuil foirgneamh atá roinnte in árasáin nó i mionárasáin faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh?

Tá. Tá an Muirear Teaghlaigh iníoctha ag úinéir an fhoirgnimh maidir le gach aonad áitribh chónaithe. Sa chás go bhfuil foirgneamh roinnte i roinnt árasán nó mionárasán, baineann an muirear le gach árasán nó mionárasán m.sh. má tá an t-áitreabh roinnte i gceithre mhionárasán, tá ceithre Mhuirear Teaghlaigh le híoc i.e. €100 x 4 = €400.

An bhfuil teach atá ligthe amach mar aonad amháin do roinnt áititheoirí faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh?

Tá.

Cad a bheidh á mhaoiniú leis an muirear teaghlaigh?

Beidh ioncaim ón Muirear Teaghlaigh ag tacú le soláthar seirbhísí áitiúla. Go hidirnáisiúnta, riartar seirbhísí ag údaráis áitiúla agus maoinítear iad le muirir seirbhíse áitiúla. In Éirinn, tá údaráis áitiúla freagrach as, i dteannta le seirbhísí eile, páirceanna poiblí; leabharlanna; spásanna oscailte agus fóntais fhóillíochta; pleanáil agus forbairt; seirbhísí dóiteáin agus éigeandála; cothabháil agus glanadh na sráideanna; soilsiú sráide. Tairbhíonn gach duine de na saoráidí seo.

Cé atá ag bailiú an Mhuirir?

Tá an Muirear Teaghlaigh á bhailiú go lárnach ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Rialtais Áitiúil (LGMA) ar bhonn seirbhíse roinnte ar son na gComhairlí Cathracha / Contaetha. Ó 1 Iúil, áfach, ardaíodh aon dliteanas HC a bhí amuigh (lena n-áirítear pionóis dhéanacha) go €200 agus tá sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim.



Comhroinnt Sonraí

Cad é an prótacal d’iarratas agus do mhalartú sonraí ó tríú páirtithe?

Forálann Airteagal 14 den Bhille Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011 do chomhroinnt sonraí agus do mhalartú sonraí idir údaráis áitiúla (leis an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ag gníomhú ar a son) agus “daoine ábhartha” mar atá leagtha amach sa Bhille agus forordaithe i Rialacháin bhainteacha.

Déanfar comhroinnt agus malartú sonraí le “daoine ábhartha” i gcomhréir le prótacal a comhaontaíodh idir an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus Oifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí. Tá nasc leis an bprótacal anseo thíos.

 Prótacal d’Iarratas



An Muirear agus an Dliteanas

Cé mhéad é an muirear?

Is ionann an Muirear Teaghlaigh agus €100 in aghaidh réadmhaoine cónaithe.

Conas gur féidir liom íoc as an muirear teaghlaigh?

NÓTA: NÍ FÉIDIR AN MUIREAR TEAGHLAIGH A ÍOC TAR ÉIS AN 1 Iúil 2013.

Ba chóir tabhairt do d’aire go méadófar aon dliteanais Mhuirear Teaghlaigh gan íoc go dtí €200 ó 1 Iúil 2013, agus cuirfear iad leis an LPT dlite ar an réadmhaoin.Déanta na fírinne, aistreofar riaráistí Mhuirear Teaghlaigh in LPT agus baileoidh na Coimisinéirí Ioncaim iad tríd an gcóras LPT.

Le faisnéis a fháil ar an LPT, téigh le do thoil chuig

www.revenue.ie.

Tá teach soghluaiste agam. An bhfuil sé sin faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh?

Níl. Níl teach soghluaiste faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh.

Cad a tharlóidh muna n-íocann mé as nó muna n-íocann mé as in am?

Ba chóir tabhairt do d’aire go méadófar aon dliteanais Mhuirear Teaghlaigh gan íoc go dtí €200 ó 1 Iúil 2013, agus cuirfear iad leis an CMÁ dlite ar an réadmhaoin.

Dá bhrí sin, aistreofar riaráistí an Mhuirir Theaghlaigh ina gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) agus baileofar iad trí chóras an CMÁ. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dliteanas breise seo a lorg nuair a bheidh an córas CMÁ i bhfeidhm go hiomlán. Faoin gcóras CMÁ, is leis an €200 breise a bhainfidh ús agus pionóis.

Cathain a bheidh mé faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh a íoc?

Mar atá leagtha amach san Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011, cinntear dliteanas an muirear a íoc ar bhonn úinéireachta na réadmhaoine i gceist ar lá amháin gach bliain. Is é an dáta seo, ar a nglaotar an “dáta dliteanais”, ná 1 Eanáir 2012.

Cé atá faoi dhliteanas muirir a íoc sa chás go bhfuil comhúinéirí ann?

Tá na comhúinéirí go léir faoi dhliteanas ach má íocann duine díobh as, urscaoileann sé sin dliteanas na gcomhúineirí go léir. Cé go ndéanann Alt 3 den Bhille Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011 foráil go bhfuil comhúinéirí réadmhaoine faoi dhliteanas an mhuirir, is féidir le haon cheann de na comhúinéirí réadmhaoine íoc as an Muirear. Le cinntiú go bhfuil an dá ainm ar an bhfoirm ar líne, is féidir leat ainm iomlán an chéadúinéara a chur isteach sa chéadbhosca ainm and ainm iomlán an dara comhúinéara a chur isteach sa bhosca sloinne. Ba cheart duit a thabhairt faoi deara áfach nach féidir leat ach Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí amháin a chur isteach.  .

Is tiarna talún mé agus tá réadmhaoin agam atá ligthe amach ar cíos do dhuine a fhaigheann Liúntas Leasa Forlíontach (SWA) Forlíonadh Cíosa. An bhfuil mé faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh i leith na réadmhaoine sin?

Tá. Tá úinéirí ionad réadmhaoine cónaithe atá ligthe amach ar cíos do dhaoine a fhaigheann Liúntas Leasa Forlíontach (SWA) Forlíonadh Cíosa faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh.

Cad a tharlaíonn má dhíolann mé nó má aistríonn mé úinéireacht mo réadmhaoine?

Beidh Deimhniú Urscaoilte ag teastáil uait nuair a dhíolfaidh / aistreoidh tú úinéireacht réadmhaoine. Beidh an deimhniú seo mar fhianaise íocaíochta agus daingneoidh sé go bhfuil na Muirir Theaghlaigh i leith na bliana/mblianta i gceist íoctha.

Má tá díolúine ag maoin ón Muirear Teaghlaigh teastóidh Deimhniú Díolúine uait agus an mhaoin sin á díol nó a húinéireacht á haistriú.

Má tá tú i dteideal éileamh ar tharscaoileadh, eiseofar Deimhniú Tarscaoilte nuair a fhíorófar d'éileamh. Is féidir aon cheann de na deimhnithe seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh le hIonad Tacaíochta um Muirear Teaghlaigh, support@householdcharge.ie.

Is cáipéisí tábhachtacha iad na deimhnithe agus beidh siad ag teastáil ar dhíolachán nó ar aistriú na réadmhaoine i gceist.

Cad a tharlaíonn sa chás go bhfaigheann úinéir aonair réadmhaoine bás?

I gcás gur bronnadh an deonú ionadaíochta roimh an 1 Iúil 2013:

Sa chás go bhfaigheann duine bás atá mar úinéir aonair réadmhaoine cónaithe, agus ag am a báis / bháis, go raibh Muirir Theaghlaigh agus táillí íocaíochta déanaí agus ús dlite, ní fhabhróidh Muirir Theaghlaigh breise agus táillí bainteacha nó ús le linn na tréimhse ó bhás go ndeonaítear ionadaíocht ar eastát an éagaigh. Ní mór duit foirm dhearbhaithe reachtúil agus íocaíocht a chur isteach chuig Biúró an Mhuirir Teaghlaigh, BOSCA PO 12168, Baile Átha Cliath 8.

I gcás gur bronnadh an deonú ionadaíochta an 1 Iúil 2013 nó dá éis:

Ba chóir tabhairt do d’aire go méadófar aon dliteanais Mhuirear Teaghlaigh gan íoc go dtí €200 ó 1 Iúil 2013, agus cuirfear iad leis an CMÁdlite ar an réadmhaoin.Déanta na fírinne, aistreofar riaráistí Mhuirear Teaghlaigh in CMÁagus baileoidh na Coimisinéirí Ioncaim iad tríd an gcóras CMÁ.

Má tá teach faoi chomhúinéireacht agus má chónaíonn duine amháin i dteach altranais mar thoradh d'éiglíocht agus má leanann an comhúinéir eile ar aghaidh ag cónaí san ionad réadmhaoine, an bhfuil an Muirear Teaghlaigh dlite?

Tá comhúinéir eile an tí faoi dhliteanas de réir ailt 3(4) den Bhille Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011.

Sainmhínítear "éiglíocht fhadtéarmach mheabhrach nó fhisiciúil" sa reachtaíocht mar éiglíocht a chiallaíonn go bhfuil ar dhuine an réadmhaoin ina raibh sé/sí ag cónaí ar feadh tréimhse leantaí níos mó ná 12 mí a fhágáil agus go bhfuil sé deimhnithe mar sin ag liachleachtóir cláraithe.

Má ceannaíodh réadmhaoin faoin scéim Tithíochta Inacmhainne, an bhfuil sé faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh?

Faoi réir an Bhille Rialtas Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011, tá aon ionad réadmhaoine a bhí ceannaithe faoin scéim Tithíochta Inacmhainne ó Údarás Áitiúil ar 1 Eanáir 2012 FAOI DHLITEANAS an Mhuirir Theaghlaigh.

Má ceannaíodh réadmhaoin faoin scéim Tithíochta Inacmhainne, an bhfuil sé faoi dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh?

Faoi réir an Bhille Rialtas Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011, tá aon ionad réadmhaoine a bhí ceannaithe faoin scéim Tithíochta Inacmhainne ó Údarás Áitiúil ar 1 Eanáir 2012  FAOI DHLITEANAS an Mhuirir Theaghlaigh.



Aisíocaíochtaí

Conas a dhéanann mé iarratas ar aisíocaíocht?

I gcás maoin ar íocadh an Muirear Teaghlaigh maidir léi go hiomlán nó go páirteach roimh an 1 Iúil 2013 ba cheart iarratas ar aisíocaíocht a sheoladh chuig Muirear Teaghlaigh.

Is féidir iarratas a chur isteach trí theagmháil a dhéanamh leis an Muirear Teaghlaigh agus iarraidh ar fhoirm Aisíocaíochta HC12B. Is é an príomhfháth go n-iarrtar ar aisíocaíocht ná go ndearnadh íocaíocht faoi dhó in earráid.

Nóta duit: Is iad na Coimisinéirí Ioncaim amháin a fhéadfaidh riaráiste Muirear Teaghlaigh a íocadh leis na Coimisinéirí an 1 Iúil 2013 nó dá éis a aisíoc.



Foirmeacha

Foirmeacha is féidir Íoslódáil



Eastáit Tithíochta Neamhchríochnaithe

Cad é Tarscaoileadh um Eastát Tithíochta Neamhchríochnaithe?

Forálann an reachtaíocht go bhfuil úinéir d'ionad réadmhaoine cónaithe atá lonnaithe in eastát neamhchríochnaithe, de réir na brí atá san Acht Rialtais Áitiúil (Muirir Theaghlaigh) 2011, ar an dáta dlite (1 Eanáir 2012) i dteideal tarscaoilte ó íocaíocht an Mhuirir Theaghlaigh i dtaobh na réadmhaoine don bhliain sin.

Rinneadh suirbhé náisiúnta ar fhorbairtí tithíochta neamhchríochnaithe i 2011 ag oifigigh ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, i gcomhar leis na Ranna Pleanála sna húdaráis éagsúla áitiúla. Mar chuid den tsuirbhé seo, scrúdaíodh agus catagóiríodh na forbairtí neamhchríochnaithe go léir mar seo a leanas:

Catagóir 1: tá an fhorbairt fós á críochnú go gníomhach ag an bhforbróir; 
Catagóir 2:ceapadh glacadóir; 
Catagóir 3: níor ceapadh glacadóir agus tá an forbróir fós i bhfeidhm ach neamhghníomhach go héifeachtach; agus
Catagóir 4:tréigeadh an fhorbairt go héifeachtach agus tá sé sin ag cur isteach go mór ar na cónaitheoirí. 

Is iad na heastáit tithíochta neamhchríochnaithe i gcatagóirí 3 agus 4 amháin atá i dteideal tarscaoilte.

Tá duine, ar an 1 Eanáir 2012, atá mar úinéir réadmhaoine cónaithe i bhforbairt neamhchríochnaithe atá san áireamh sa liosta forordaithe i dteideal tarscaoilte ó íocaíocht an mhuirir theaghlaigh i 2012. Áiríonn an liosta forordaithe seo forbairtí faoi chatagóírí 3 agus 4 amháin. Caithfidh daoine atá ag éileamh ar tharscaoileadh foirm chlárúcháin an Mhuirir Theaghlaigh a chomhlánú.

Liosta de Chatagóir 3 agus de Chatagóir 4 na nEastát Tithíochta Neamhchríochnaithe atá i dteideal tarscaoilte.

Carlow County Council

Cavan County Council

Clare County Council

Cork City Council

Cork County Council

Donegal County Council

Dublin City Council

Dunlaoire/Rathdown County Council

Fingal County Council

Galway City Council

Galway County Council

Kerry County Council

Kildare County Council

Kilkenny County Council

Laois County Council

Leitrim Council

Limerick City Council

Limerick County Council

Longford County Council

Louth County Council

Mayo County Council

Meath County Council

Monaghan County Council

North Tipperary County Council

Offaly County Council

Roscommon County Council

Sligo County Council

South Tipperary County Council

South Dublin County Council - there are NO Category 3 and 4 Unfinished Housing Estates eligible for Waiver in South Dublin County Council

Waterford City Council

Waterford County Council

Westmeath County Council

Wexford County Council

Wicklow County Council

Liosta leasaithe na nEastát Tithíochta Neamhchríochnaithe (UHE)

Agus liosta na n-eastát a bhí le cáiliú i gcomhair urscaoilte ón muirear teaghlaigh 2012 á thiomsú, tharla neamhréireachtaí i líon beag forbairtí a bhí beartaithe le bheith san áireamh i gcomhair teidlíochta ar an urscaoileadh ach níor cuireadh san áireamh iad sa liosta ordaithe eastát ar deireadh.

Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn anois ar an liosta chun neamhréireachtaí dá leithéidí a shainaithint, agus tá liosta leasaithe eisithe anois ina gcuimsítear gach eastát atá cáilithe i gcomhair an urscaoilte, lena n-áirítear iad siúd a sainaithníodh mar is ceart i dtús báire chomh maith leis na hiontrálacha a ceartaíodh.

Ba chóir do chónaitheoirí a d’íoc an muirear agus a bhfuil sé faighte amach acu anois go bhfuil a dtithe cáilithe i gcomhair urscaoilte iarratas a dhéanamh leis an mBiúró um Muirear Teaghlaigh chun aisíoc a fháil.

Ní mór do chónaitheoirí a bhfuil sé faighte amach acu go bhfuil siad cáilithe i gcomhair an urscaoilte anois, ach nár íoc an muirear, a n-urscaoileadh a chlárú leis an mbiúró láithreach.



Tarscaoiltí

Cad iad na tarscaoiltí ó íocaíocht an Mhuirir Theaghlaigh?

Tá na tarscaoiltí ó íocaíocht an Mhuirir Theaghlaigh mar seo a leanas: 

  • Úinéirí réadmhaoine cónaithe atá i dteideal forlíonta úis mhorgáiste a fháil
  • Úinéirí réadmhaoine cónaithe atá lonnaithe in eastáit tithíochta neamhchríochnaithe áirithe forordaithe (féach ar an gcuid um Eastáit Tithíochta Neamhchríochnaithe le haghaidh sonraí breise)

Más é do thoil é, tabhair faoi deara go bhfíorófar na héilimh go léir ar tharscaoileadh. Féadfaidh daoine a dhéanann dearbhuithe bréagacha nó míthreoracha a bheith faoi dhliteanas píonós de réir na reachtaíochta.

Cad é tarscaoileadh Forlíonta Úis Mhorgáiste?

 Is é cuspóir an Forlíonadh Ús Morgáiste (MIS), a sholáthraítear ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, ná tacaíocht ghearrtéarmach ioncaim a sholáthar do dhaoine incháilithe nach bhfuil in ann a n-aisíocaíochtaí ar ús morgáiste a dhéanamh i dtaobh tí atá mar phríomháit chónaithe acu. Cuidíonn an forlíonadh leis an gcuid úis amháin de na haisíocaíochtaí morgáiste. Ní chuirtear an chuid chaipitiúil san áireamh nuair a ríomhtar méid an fhorlíonta iníoctha toisc nach meastar go bhfuil sé oiriúnach go mbeadh an Státchiste ag aisíoc cuid na hiasachta tosaigh agus sa chaoi sin, cúnamh a sholáthar a chiallaíonn go gcnuasaítear sócmhainn chaipitiúil ar son an duine indibhidiúil i gceist. Féadtar éilimh a dhéanamh ar Fhorlíonadh Ús Morgáiste i d'oifig áitiúil den Roinn Coimirce Sóisialaí a riarann an Liúntas Leasa Fhorlíontaigh. 
Forálann reachtaíocht an Mhuirir Theaghlaigh go bhfuil úinéir ionaid réadmhaoine atá i dteideal an Fhorlíonta Úis Mhorgáiste a fháil i leith na réadmhaoine sin ar an dáta dlite (1 Eanáir 2012) i dteideal tarscaoilte ó íocaíocht an Mhuirir Theaghlaigh i dtaobh na réadmhaoine sin le haghaidh na bliana sin. Caithfidh tú an Forlíonadh Ús Morgáiste a fháil ar an data dlite, is é sin 1 Eanáir gach bliain, le bheith i dteideal an tarscaoilte. Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil ar dhaoine mar sin an dearbhú thíos a chomhlánú chun éileamh ar an tarscaoileadh.

An bhfuil Faoiseamh i leith Úis Morgáiste nó Ús Morgáiste (Faoiseamh ag an bhFoinse - TRS) mar tharscaoileadh ón Muirear Teaghlaigh?

 De réir an Bhille Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011, tá daoine atá ag fáil Faoiseamh i leith Úis Morgáiste nó Faoiseamh ag an bhFoinse (TRS) FAOI DHLITEANAS an Mhuirir Theaghlaigh.

Is iad na daoine amháin atá ag fáil Forlíonadh Ús Morgáiste atá i dteideal tarscaoilte ón Muirear Teaghlaigh. Tá clár ag d'oifigeach Leasa Pobail Áitiúil díobh siúd atá ag fáil Forlíonadh Ús Morgáiste.



Díolúintí

Cad iad na díolúintí ó dhliteanas an Mhuirir Theaghlaigh a íoc?

Tá na díolúintí mar seo a leanas:

  • Ionaid réadmhaoine atá mar chuid de stoc trádála gnó agus nach raibh díolta nó nach raibh mar fhoinse d’aon ioncaim ón dáta tógála,
  • Réadmhaoin chónaithe atá dílsithe d’Aire an Rialtais nó d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,
  • Réadmhaoin chónaithe atá dílsithe d’údarás tithíochta, ina n-áirítear réadmhaoin ag teaghlaigh atá ag ceannach a dtithe féin faoin Scéim Úinéireachta Roinnte agus sa chás go gcoimeádann an t-údarás áitiúil bun san úinéireacht fós,
  • Tithíocht dheonach agus comharthithíocht,
  • Ionad réadmhaoine atá faoi réir rátaí tráchtála agus a úsáidtear mar theaghais amháin
  • Réadmhaoin chónaithe i seilbh carthannachtaí áirithe nó atá cuimsithe in iontaobhas lánroghnach, agus
  • Réadmhaoin chónaithe ina bhfuil ar dhuine a theach a fhágáil mar thoradh d’éiglíocht fhadtéarmach intinne nó fhisiciúil (m.sh. duine a bhog go teach altranais). 

Sainmhínítear "éiglíocht fhadtéarmach mheabhrach nó  fhisiciúil" sa reachtaíocht mar éiglíocht a chiallaíonn go bhfuil ar dhuine an réadmhaoin ina raibh sé/sí ag cónaí ar feadh tréimhse leantaí níos mó ná 12 mí a fhágáil agus go bhfuil sé deimhnithe mar sin ag liachleachtóir cláraithe.

An gá dom mo réadmhaoin a chlárú má tá sé Díolmhaithe?

Ní gá, níl aon riachtanas ann chun réadmhaoin atá díolmhaithe ón Muirear Teaghlaigh a chlárú.

An bhfuil réadmhaoin atá faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos díolmhaithe ón Muirear Teaghlaigh?

Níl aon díolúine bronnta ar dhaoine ag a bhfuil ionaid réadmhaoine cláraithe leis an údarás áitiúil sa Scéim um Chóiríocht ar Cíos..

Cad iad na carthanais atá díolmhaithe?

Faoi réir alt 4(1)(b) den Acht 2011, tá díolúine i bhfeidhm maidir le húinéir de réadmhaoin chónaithe ar dháta an dliteanais nuair atá an t-úinéir sin ina –

 (i)chomhlacht corpraitheatá i dteideal seilbhe go tairbheach, agus

 (ii)chomhlacht formheasta de réir bhrí alt 848A (arna chur isteach le halt 45 den Acht Airgeadais 2001) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

NO OFFICIAL TRANSLATION FOR ABOVE (i) a body corporate beneficially entitled in possession, and (ii) an approved body within the meaning of section 848A (inserted by section 45 of the Finance Act 2001) of the Taxes Consolidation Act 1997.

Mar sin, d’fhonn leas a bhaint as an díolúine dá bhforáiltear le halt 4(1)(b) ba cheart go mbeadh an eagraíocht ina comhlacht corpraithe agus ina comhlacht formheasta de réir bhrí alt 848A den Acht 1997.

http://www.revenue.ie/en/business/authorised-charities.html

Cad iad Iontaobhais agus Iontaobhais Lánroghnacha

Is ionann iontaobhas agus gaolmhaireacht ina n-aistríonn duine rud luachmhar (cosúil le réadmhaoin) do dhuine eile darb ainm iontaobhaí, a bhainistíonn agus a rialaíonn an tsócmhainn sin ar leas tríú páirtí, darb ainm tairbhí. Tá roinnt feidhmeanna ag iontaobhais, ach is é an ceann is coitianta ná Iontaobhais Uachta, sa chás gur mian le tuismitheoir a eastát a fhágáil dá leanaí ach tá na leanaí go léir faoi ocht mbliana déag d’aois.

An bhfuil iontaobhas lánroghnach díolmhaithe?

Faoi réir alt 4(1)(a) den Acht 2011, tá díolúine i bhfeidhm maidir le húinéir de réadmhaoin chónaithe ar dháta an dhliteanais nuair a chuimsítear an réadmhaoin chónaithe in iontaobhas lánroghnach (de réir bhrí Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003).



Deimhnithe

Cad iad na deimhnithe ag teastáil le haghaidh?

Ceanglaítear Deimhnithe Díolúine, Urscaoilte nó Tarscaoilte nuair atá úinéireacht réadmhaoine á díol/á haistriú maidir leis an mbliain/bliana lena mbaineann.

Cad is Deimhniú Díolúine ann?

Ceanglaítear Deimhniú Díolúine le haghaidh aon réadmhaoine a chomhlíonann na critéir arna leagan amach sa mhír um Dhíolúine a liostaítear thuas. Is fianaise é an deimhniú seo go bhfuil do réadmhaoine díolmhaithe ón Muirear Teaghlaigh maidir leis an mbliain/bliana lena mbaineann.

Cad is Deimhniú Urscaoilte ann?

Is fianaise d’íocaíocht é an Deimhniú Urscaoilte agus leis seo deimhneofar gur íocadh an Muirear Teaghlaigh maidir leis an mbliain/bliana lena mbaineann.

Cad is Deimhniú Tarscaoilte ann?

Ceanglaítear Deimhniú  Tarscaoilte le haghaidh aon réadmhaoine a chomhlíonann na critéir arna leagan amach sa mhír um Tharscaoileadh a liostaítear thuas.

Is fianaise é an deimhniú seo go bhfuil Tarscaoileadh ag do réadmhaoine don Mhuirear Teaghlaigh maidir leis an mbliain/bliana lena mbaineann.

Conas a fhéadfaidh mé Deimhniú Díolúine/ Urscaoilte/Tarscaoilte a fháil?

Is féidir na deimhnithe seo a fháil trí theagmháil a dhéanamh leis an Ionad Tacaíochta um Muirear Teaghlaigh, Bosca PO12168,Baile Átha Cliath 8 support@householdcharge.ie



Cionta

Cionta

Déantar foráil san Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh) 2011 do roinnt cionta maidir leis an Muirear Teaghlaigh. Is iad na príomhchionta ná loiceadh chun dliteanas Muirir Teaghlaigh a dhearbhú, loiceadh é a íoc agus faisnéis a sholáthar atá bréagach nó míthreorach. Déantar foráil san Acht freisin fíneálacha agus smachtbhannaí a ghearradh orthu siúd a fhaightear ciontach as cionta.



Ceisteanna

Rinne mé dearmad ar Chód Tagartha mo Chuntais agus ar an seoladh ríomhphoist a sholáthraigh mé nuair a chláraigh mé mo chuntas. Cad a dhéanfaidh mé?

Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís do Chustaiméirí an Mhuirir Theaghlaigh support@householdcharge.ie agus cuirfear roinnt ceisteanna slándála ort ansin (a sholáthraigh tú cheana féin) chun d’aitheantas a fhíorú. Má tá fíorúchán rathúil, daingneofar do sheoladh ríomhphoist duit agus seolfar cód tagartha do chuntais chugat trí ríomhphost.